Iarratas a dhéanamh go pearsanta nó tríd an bpost

Tá dhá rogha ann chun iarratas a dhéanamh ar do cheadúnas tiomána nó do cheadúnas foghlaimeora, is féidir iarratas a dhéanamh ar an láthair ag aon cheann d’ionaid na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnas Tiomána (NDLS) ar fud na tíre nó is féidir iarratas a dhéanamh tríd an bpost. Má roghnaíonn tú teacht ar an láthair, ní mór duit coinne a chur in áirithe ag suíomh NDLS trí ghlaoch ar an líne áirithinte ar 0818 919 090. Níl aon seirbhís siúl isteach ar fáil. Nuair a bheidh do cheadúnas/chead foghlaimeora próiseáilte cuirfear chugat é sa phost.

Beidh ort aitheantas, IDan táille agus aon cháipéisí tacaíochta eile, lena n-áirítear tuairisc liachtatuairisc ar radharc na súl más gá a thabhairt leat. Sin nó, beidh moill ar d’iarratas. Más mian leat d’iarratas a dhéanamh i nGaeilge, beidh ort foirm iarratais Ghaeilge thíos a chomhlánú. Glacfar do ghrianghraf agus do shíniú go leictreonach san ionad NDLS.

Foirm Iarratais ar Cheadúnas Iomlán D401 agus Nótaí Treorach
Foirm Iarratais ar Chead Foghlaimeora D201 agus Nótaí Treorach

Mura bhfuil CSP agat ní mór duit cáipéisí a chur ar fáil ag an Ionad NDLS chun iad seo a leanas a chomhlíonadh 1. Aitheantas ar a bhfuil Grianghraf, 2. Cruthúnas ar PPSN, 3. Cruthúnas ar sheoladh, 4. Cruthúnas ar ghnátháit chónaithe - féach thuas do liosta i ndáil le cáipéisí ar féidir glacadh leo do gach ceann.

I gcásanna áirithe d’fhéadfadh an cháipéis chéanna níos mó ná riachtanas amháin a chomhlíonadh e.g. Tá pas Éireannach/AE leordhóthanach mar aitheantas ar a bhfuil grianghraf & mar chruthúnas ar theidlíocht chónaitheachta; is féidir litir a fuair tú ó na Coimisinéirí Ioncaim ar a bhfuil do PPSN a úsáid mar chruthúnas ar do sheoladh agus ar do PPSN araon.

Iarratais tríd an bpost

Más mian leat iarratas a dhéanamh i nGaeilge ach mura bhfuil tú ábalta é sin a dhéanamh mar nach bhfuil aon rogha Gaeilge ar líne, glacfaimid le hiarratas i nGaeilge tríd an bpost. Tabhair ar aird: Ní mór cárta seirbhísí poiblí (CSP) a bheith agat agus do thoil a thabhairt don NDLS rochtain a fháil ar do ghrianghraf agus ar do shíniú ón taifead sin.

  • Teastóidh Cárta Seirbhísí Poiblí uait chun iarratas a dhéanamh tríd an bpost. Déanfar d’ainm, do shíniú agus do ghrianghraf mar atá siad ar do CSP a phriontáil ar do cheadúnas nuair a bheidh sé próiseáilte.
  • Ní mór foirm iarratais a chomhlánú. Tá foirmeacha iarratais agus treoirnótaí ar fáil thíos.

    Foirm Iarratais Poist le haghaidh Ceadúnas Tiomána D401 agus Nótaí Treorach
    Foirm Iarratais Phoist do Chead Foghlaimeora D201 agus Nótaí Treorach

  • Ní mór duit cead a thabhairt chun an t-ainm, íomhá agus síniú atá ar do chárta seirbhísí poiblí (CSP) a úsáid ar do cheadúnas tiomána nó ar do chead foghlaimeora (mar is infheidhme). Mura dtugann tú toiliú iad a úsáid nó mura bhfuil d’ainm i nGaeilge ar do CSP, is féidir leat coinne a dhéanamh chun freastal ar aon ionad NDLS ar fud na tíre agus iarratas a dhéanamh i nGaeilge. Is féidir leat coinne a dhéanamh trí ghlaoch ar an líne áirithinte ar 0818 919 090
  • Táille iarratais: Is féidir táillí a íoc le seic nó le hordú poist.
  • Ní mór an táille iarratais cheart a chur isteach leis an bhfoirm iarratais. Tá sonraí faoin táille iarratais agus faoin modh íocaíochta le fáil sna nótaí treorach don phost thuas. Mura gcuireann tú an táille iarratais cheart isteach ní ghlacfar le d’iarratas agus beidh ort iarratas eile a dhéanamh. Má tá tú 70 bliain d’aois nó níos sine níl aon táille iarratais i gceist
  • Ba cheart foirmeacha iarratais comhlánaithe a chur sa phost chuig:
    An tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána,
    Bosca Poist 858,
    Oifig Seachadta an Taoibh Theas,
    Corcaí.